pisreoga, scéalta a d’inis a mháthair, scadán a ithe ina thrí ghreim. Ceann eile faoi 3 phreab a bhaint sa chuibhreann, dá mbeadh cuiteog ar an phreab, phóstaí tú, murach é, ní phóstaí. Tá áit in Loch an Iúir ina bhfuil trí uisce ag casadh lena chéile, níodh duine léine san uisce, d’fhágadh siad ar an leaba é le triomú agus cibé a thagadh leis an léine a thiontú, sin an t-é a phósfá. Murach dtagadh duine ar bith, ní phósfá ar chorr ar bith.